ga - The Board

Further information on the current members of the Board.

Comhaltaí reatha den Bhord

David McGarry, Cathaoirleach

DavidMcGarry

Is ball é David McGarry d’Institiúid na Stiúrthóirí agus na gCuntasóirí Cairte Éireann, agus faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar Chuideachta Chalafort Shannon Foynes Port agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Avadel Ireland, agus roimhe sin bhí sé ar bhoird Bhus Éireann agus Indaver. Roimhe sin bhí sé ina POF ar Shannon Group, Stiúrthóir Airgeadais Indaver agus feidhmeannach leis an NCB agus KPMG. Oibríonn sé freisin mar chomhairleoir bainistíochta.

Martin Sisk

MartinSisk

Tá os cionn 25 bliain de thaithí rialála agus gnó ag Martin Sisk. Aturnae cáilithe é, thosaigh sé ar a ghairm bheatha sna Coimisinéirí Ioncaim, d’fhóin sé mar Chláraitheoir na gCara-Chumann, Leas-Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa, Leas-Cheann na gCód um Chosaint Tomhaltóirí agus mar Cheann ar Aonad Frith-Sciúradh Airgid, Airgeadais Sceimhlitheoireachta agus Smachtbhannaí Airgeadais an Bhainc Ceannais.

Rowena Mulcahy

RowenaMulcahy

Rowena Mulcahy, Aturnae, Eadránaí agus Idirghabhálaí; iar-Mháistir Fómhais na hArd-Chúirte, atá ina Bhall faoi láthair de Bhord an Choimisiúin Meabhair-Shláinte agus ina Chathaoirleach ar Phainéal Achomharc an Údaráis Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.

Mary Keane

MKeane

Is abhcóide cáilithe í Mary Keane. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Bhord Rialtóirí agus Caomhnóirí Ghailire Náisiúnta na hÉireann. Bhí sí ina Leas-Ard-Stiúrthóir ar Dhlí-Chumann na hÉireann ar feadh breis agus 20 bliain, ag éirí as a post mar Ard-Stiúrthóir i Meitheamh 2022.

Shirley Coulter

ShirleyCoulter

Tá Shirley Coulter ina Stiúrthóir Cairte agus ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (SCSI) agus tá taithí fhairsing aici ar rialachas, straitéis, forbairt beartais agus claochlú eagraíochtúil thar raon earnálacha lena n-áirítear cúram sláinte, dlí, tógáil, talamh agus réadmhaoin.

Deirdre O’Keeffe

DeirdreOKeaffe

Bhí Deirdre O’Keeffe ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Iompair le freagracht as iompar muirí, lena n-áirítear Garda Cósta na hÉireann, don Rannán Taighde agus Anailíse Straitéisí, agus as feidhm Iniúchta Inmheánaigh na Roinne. Roimhe seo bhí Deirdre i róil bhainistíochta shinsearacha sa Roinn Dlí agus Cirt, Oideachais, Mara agus Airgeadais, mar Staitisteoir sa Phríomh-Oifig Staidrimh agus mar Stiúrthóir/Rúnaí ag Fáilte Éireann.

Gerard Quinn

GerryQuinn

Tá os cionn 40 bliain de thaithí ag Gerry Quinn san earnáil phoiblí agus phríobháideach lena n-áirítear os cionn 25 bliain ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí. Thosaigh Gerry a ghairm bheatha sa státseirbhís, ansin bhog sé go dtí an earnáil teileachumarsáide áit ar chomhlíon sé róil lena n-áirítear seacht mbliana mar Phríomhoifigeach Faisnéise (POF) in Eircom. Thosaigh sé leis an mBanc Ceannais i 2010 mar POF agus ina dhiaidh sin ceapadh é mar chéad Phríomhoifigeach Oibríochtaí na heagraíochta i 2011.