Saoráil Faisnéise

Cad is Saoráil Faisnéise ann?

Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 2014 an 14 Deireadh Fómhair 2014. Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 le Tailte Éireann (TÉ) amhail agus ón 1 Márta 2023 (Alt 1(3)(b[MS1])).

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá sé de cheart agat:

  • rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí FOI
  • iarraidh go gceartófaí faisnéis phearsanta a bhaineann leat atá i seilbh comhlachtaí FOI nuair atá sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
  • cúiseanna a fháil le breith a thug comhlachtaí saorála faisnéise nuair a bhaineann an cinneadh leat.

Tá na cearta seo faoi réir díolúintí áirithe atá leagtha amach san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Agus d’iarratas á dhéanamh agat, ba cheart duit a chur in iúl go bhfuil d’iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Cad iad na taifid is féidir liom a iarraidh faoin Saoráil Faisnéise?

Is féidir leat na taifid seo a leanas atá i seilbh na hoifige seo a iarraidh:

  • aon taifid a bhaineann leat féin go pearsanta, cibé uair a cruthaíodh iad
  • taifid eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 2008.

Is féidir le ‘taifead’ a bheith ina dhoiciméad páipéir, faisnéis atá á coimeád ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar closamhairc, srl.

Ní gá duit cúis a thabhairt maidir leis an bhfáth ar mhaith leat rochtain a fháil ar thaifid ar leith agus ní mór míniú a thabhairt duit má dhiúltaítear rochtain a fháil ar aon taifead a d’iarr tú. Ceanglaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise go dtabharfaidh tú, an t-iarrthóir, dóthain sonraí dúinn chun go mbeimid in ann na taifid a theastaíonn uait a shainaithint. Sa chás go mbaineann d’iarratas le faisnéis phearsanta, ní mór duit fianaise aitheantais a sholáthar. Glacfaimid le haitheantas fótagrafach, mar shampla, cóip de do phas nó ceadúnas tiomána, chomh maith le cruthúnas ar sheoladh, mar shampla, bille fóntais le déanaí.

Uimhir theileafóin teagmhála i rith an lae a chur san áireamh chun ligean don duine atá ag déileáil le d’iarratas teagmháil a dhéanamh leat má theastaíonn soiléiriú ar bith maidir le d’iarratas.

Sonraí Teagmhála

Ba cheart gach iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig:

Tríd an bpost:

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise Tailte Éireann Ceithre Chúirteanna

Sráid na Seansaireachta

Baile Átha Cliath 7

Trí ríomhphost: foi@tailte.ie

De rogha air sin, féadfaidh tú an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise [MS2] a úsáid agus é seo a chur faoi bhráid an Oifigigh SF ag an seoladh a thugtar thuas mar aon le céannacht chuí.

De ghnáth, ní mór cinneadh a dhéanamh maidir le d’iarratas Saorála Faisnéise laistigh de 20 lá oibre.

Achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg, ar athbhreithniú iomlán agus nua é ar d’iarratas. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg freisin mura bhfuair tú freagra laistigh de 20 lá oibre ó d’iarratas tosaigh. Déanfaidh duine éigin san eagraíocht an t-athbhreithniú seo níos sinsearaí ná an bunchinnteoir. Ní mór do Tailte Éireann an t-athbhreithniú a chur i gcrích laistigh de thrí seachtaine.

Más rud é, tar éis thoradh an athbhreithnithe, nach bhfuil tú sásta fós, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Táillí

Níl aon táille le híoc as iarratas tosaigh a dhéanamh faoin Saoráil Faisnéise. I gcás iarrataí a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta, áfach, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí táille as cuardach, aisghabháil agus cóipeáil. Maidir leis na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála, tá íostairseach €101 ann nach féidir aon táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoina bhun.

Tá uasteorainn ar an méid is féidir a ghearradh agus tá sé seo socraithe ag €500. Tá uasteorainn bhreise ann maidir le táillí measta cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ag €700 ar féidir le comhlacht SF diúltú iarratas a phróiseáil os a chionn ach amháin má tá an t-iarrthóir sásta an t-iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann;

Is é an táille ar athbhreithniú inmheánach (gan díolúintí áirithe a áireamh) ná €30 agus €10 do shealbhóirí cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe. Is é an táille ar achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise (gan díolúintí áirithe a áireamh) ná €50 agus €15 do shealbhóirí cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe.

Loga Nochta

Ceanglaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise (FOI) loga nochta a fhoilsiú, ina bhfuil sonraí faoi iarrataí neamhphearsanta a fhaightear faoi Shaoráil Faisnéise agus na cinntí a rinne an comhlacht mar fhreagra ar na hiarrataí sin.

Tabhair do d’aire, ar chúiseanna príobháideachais, nach bhfuil faisnéis aitheantais amhail ainm an iarrthóra san áireamh sa loga nochta.

Díolúintí

Is féidir aon fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh comhlachtaí poiblí a lorg faoin Acht. Mar sin féin, d’fhonn ligean do ghnó an Rialtais a dhéanamh i gceart, beidh sé riachtanach uaireanta díolúine a thabhairt ó chineálacha áirithe faisnéise a scaoileadh i gcúinsí áirithe.

Tá siad seo leagtha amach san Acht. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • Cruinnithe rialtais
  • pléití, feidhmeanna agus caibidlí comhlachtaí Saorála Faisnéise
  • forfheidhmiú an dlí agus slándáil
  • faisnéis rúnda atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a dhéanann an iarraidh)

Chun faisnéis níos cuimsithí a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar suíomh gréasáin an Láraonaid Beartais um Shaoráil Faisnéise.

Faisnéis Úsáideach

Is féidir fiosrúcháin faoi Fhaisnéis Ghinearálta a sheoladh ar ríomhphost chuig info@tailte.ie