Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

An tAontas Eorpach agus Coinbhinsiún Aarhus - Cúlra maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE) in Éirinn

Rinneadh Treoir 2003/4/CE maidir le Rochtain Phoiblí ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus an chéad Cholún de Choinbhinsiún Aarhus a thrasuí i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018 dá ngairtear Rialacháin AIE anseo feasta.

Tugann Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil, tugtar breac-chuntas iontu ar an mbealach inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás poiblí agus ar an gcaoi a n-éilítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais mar shampla, tréimhsí ama le haghaidh freagartha.

Le Rialacháin AIE déantar foráil freisin do nós imeachta foirmiúil achomhairc ar a dtugtar athbhreithniú inmheánach sa chás nach bhfuil duine sásta leis an gcinneadh faoina n-iarratas. Má tá iarratasóir míshásta fós tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI) ar chinneadh neamhspleách ar an ábhar.

Sainmhíniú ar Údarás Poiblí faoi AIE

Tugtar sainmhíniú leathan i Rialacháin AIE ar “údaráis phoiblí” chun gach comhlacht a bhfuil ról acu sa riarachán poiblí a chuimsiú.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil raon feidhme níos leithne ag an sainmhíniú seo ná an sainmhíniú ar “comhlacht poiblí” sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Sainmhíniú ar Fhaisnéis Chomhshaoil

Sainítear sna Rialacháin AIE faisnéis chomhshaoil mar seo a leanas:

 “aon fhaisnéis i scríbhinn, i bhfoirm amhairc, i bhfoirm éisteachta, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm aon ábhair eile—

  • staid ghnéithe an chomhshaoil, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta agus mhuirí, éagsúlacht bhitheolaíoch agus a comhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí sin,
  • tosca amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus scaoileadh eile isteach sa chomhshaol, a dhéanann difear do ghnéithe an chomhshaoil nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh,
  • bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do na heilimintí agus do na tosca dá dtagraítear i mír (1) agus i mír (2) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá ceaptha chun na heilimintí sin a chosaint,
  • tuarascálacha ar chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil,
  • anailísí costais is tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear faoi chuimsiú na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (3), agus
  • staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an bhiashlabhra, i gcás inarb ábhartha, dálaí bheatha an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha a mhéid atá nó a bhféadfadh tionchar a bheith ag staid na n-eilimintí comhshaoil dá dtagraítear i mír (1) orthu nó, trí na heilimintí sin, trí aon cheann de na nithe dá dtagraítear i mír (2) agus i mír (3);”

Oibleagáidí ar Údaráis Phoiblí

Faoi Rialacháin AIE, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí, nó ar a shon, a chur ar fáil ach í a iarraidh; faoi réir eisceachtaí áirithe. Cuireann rialacháin AIE oibleagáid ar údaráis phoiblí freisin faisnéis faoin gcomhshaol a scaipeadh go réamhghníomhach ar an bpobal.

Amscálaí

Go ginearálta, ceanglaítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarratas AIE laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil. I gcás nach mbeidh údarás poiblí in ann freagra a thabhairt laistigh den tréimhse ama aon mhí amháin mar gheall ar chastacht nó méid na faisnéise arna iarraidh, ceangleofar orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh de mhí, ag tabhairt le fios cén uair a eiseofar freagra. Níor cheart an dáta seo a bheith níos faide ná dhá mhí tar éis an iarraidh bhunaidh a fháil.

Aistrithe

Mura bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh ag an údarás poiblí, féadfaidh sé an iarraidh a aistriú chuig údarás poiblí eile nó comhairle a chur ar an iarratasóir maidir leis an áit a gcreideann sé gur cheart an iarraidh a threorú. I gceachtar cás, ceanglaítear air fógra a thabhairt don iarratasóir.

Muirir

Níl aon táille tosaigh ar iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Mar sin féin, ceadaíonn na Rialacháin d’údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an gcostas a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar, agus tá na táillí seo a leanas leagtha síos ag DHLGH:

  • Taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20.00 in aghaidh na huaire
  • Fótachóip: €0.04 in aghaidh na bileoige
  • CD Rom: €10.00
  • Radagraf: €6.00

Cuirfear sonraí maidir le haon táille a ghearrfar in iúl sa litir chinnidh dheiridh.

Iarraidh a Dhéanamh

Ba chóir iarrataí a dhéanamh i scríbhinn chuig

Kiera Smyle,

Rannóg Luachála Tailte Éireann

Ionad Irish Life

Sráid na Mainistreach Íochtarach

Baile Átha Cliath 1

D01 E9X0

nó i ríomhphost chuig FOI@tailte.ie